Friday, 24 April 2015

An Siúnéirí Glic



Bhí fear fadó ann agus níor tháinig aon family suas dhó ach aon mhac amháin.Bhí an athair agus an mháthair an- ríméadach go raibh mac acu.Bhí siad deisiúil go maith - bhí siad saibhir, agus nuair abhí an mac réidh leis an scoil dúirt siad leis "Well anois, má thrograíonn tú é,cuirfimid le ceird ar bith thú,a mbheadh suim agat ann."
"Well ba mhaith liom",adeir sé,"a bheadh i mo shiúnéirí."
"Más maith ,anois,"adeir an tathair,"cúnóidh mise leat chomh maith is atá mé i ndon."


Bhí sé ag foghlaim a cheirde agus bhí sé ag gabhail isteach 's amach i dteach a mhuintire ná gur cheapadar go raibh ceird sách maith aige.Fuair sé a chuid páipéir le gabhail ag obair ina rogha áit.

Bhí a chuid páipéir aige an lá seo agus ní raibh aon job aige agus d'iarr sé..."Meas tú ,"adeir sé leis an athair,"céard is fearr dom a dhéanamh inniú?"
"'Séard a dhéanas tú - déanfaidh tú boiscín deas a bhéas agam le mo chuid airgid a chur ann agus boiscín a mbeidh glas 's eochair air".
By gob,chuaigh sé ag déanamh an boiscín agus nuair abhí an boiscín réidh bhí an lá caite.
"Muise,a dhiabhal," adeir sé leis an athair."nach olc an ceird í."
"Well b'fhéidir" arsa an tathair,"arnú beidh sí a't agus beidh tú, b'fhéidir, níos fearr an chéad lá eile"
"Tá mo lá caite lei",adeir sé,"agus, by gob, níl mórán déantaí a'm"
"Well",adeir sé ,"is olc an ceird í,níl déantaí ach boiscín agus an lá caite.Diabhal mórán ar bith a dhéanas mé as an siúnéireacht seo - b'fhearr dom gabhail in éindigh le Máistir na gCrámhairí"
"Ó,"adeir an tathair,"beimid náraithe má dhéanann tú rud ar bith den tsort sin."
"Tá sé ag íoc an- pháigh",adeir an mac,"agus mar a bhfuil mise ach ag gabhail a déanamh boiscín sa lá ,is olc an pháigh atá mé ag gabhail a dhéanamh"
"Is dócaí,"arsa an tathair,"go gcaithimid do chomhairle fhéin a thabhairt duit - ach ní mait linn é"


"Well anyway",adeir sé "beidh craic agam le Máistir na gCrámhairí" Níor stop é ariamh go ndeachaigh sé isteach aige ar fud an urláir agus dúírt sé leis "Má thugann tú job dhom gabhaidh mé leat"
"Cé'n graithí a bheadh agam duit",adeir sé,"an bhfuil plean ar bith agatsa le dul amach ag cramhaireacht?"
"Ní bheadh a fhios agat é" adeir an siúnéar.
Labhair an Máistir."Tá dhá fhear curthaí amach a'msa anois agus inseóidh mé dhuit cé'n bealach a bhfuileadar ag tíocht.Tá siad le caora bhreá ramhar a bheith acu agus má tá tusa i ndon an chaora a bhaint dóbha le plean ar bith, tógfaidh mise ag obair thú".

Chuaigh sé amach agus thosaigh sé ag tochas a chloigeann.
Bhí siopa gar go maith dhó ,abhí ag díol brógaí,agus bhí a fhios aige go maith cé'n saghas a theastódh ón dhá fhear - bhí aithne mhait aige orthu.
Cheannaigh sé péire bróg agus d'imigh leis agus na brógaí aige.
An bealach a raibh siadsan ag teacht bhí staighre ann agus caithfeadh siad a gabhail trasna an staighre agus leag sé CEANN do na brógaí ann.


Nuair a tháinig siad go dtí an staighre fuaireadar ceann de na brógai,(Bhí an caora acu agus rópa ar a muinéal acu)
"Diabhaltaí deas an bhróg é sin,"arsa ceann acu leis an gceann eile."Cé'n mhaith é",adeir sé,"nuair nach mbeadh an péire a'inn."
D'imigh leofa agus d'fhágadar an bhróg ansin.Shiúil siad leo nó go ndeachaigh siad scathamh maith agus bhí an bhróg eile leagthaí faoi bhun staighre eile.

"Seo í comrádaí na bróg a chonaic muid anseo thoir, nach é an feall nár thugamar linn é."
"Ach céard is fearr a dhéanamh," arsa ceann acu leis an gceann eile."B'fhearr dúinn an chaora a cheangail",adeir sé,"agus cíbé fear a'inn a bhéas is luaithe ag an mbróg thoir beidh an dá bhróg tugthaí dhó."
D'imigh siad ag rithe ná go dtéadh siad ag an mbróig agus sheo é leis an mbuachaill agus rug sé ar an gcaora. Níor stop sé ariamh ná gur sheas sé istigh le Máistir na gCramhairí.
"Seo é an caora",adeir sé,"abhí ag do chuid fear agus bhain mise dóbha é le neart mo phleanannaí agus tá mé ag gabhail ag obair dhuitse níos mó."
Chuaigh sé ag obair leo agus tá sé ag obair ó shin.

No comments:

Post a Comment