Saturday, 4 April 2015

Is beag atá idir an t-olc agus an mhaith...ach is fearr an mhaith.


Bhí Lord fadó ann agus bhí sé chomh saibhir is a d'fhéadhfhadh sé a bheith. agus thar éis chomh saibhir's abhí sé-bhí seomrín aige agus bhí coirnéal dó líonntaí le ginniúchaí buí ór-agus th'réis an saibhris abhí aige,bhí chuile dhuine thart ag tabhairt bronntanás aige.

Bhí fear bocht ann agus bhí cúigear gasúr ann agus bean agus ní raibh aon tslí ar domhain aige ach ag dul ó áit go h-áit ag saothrú lá agus ag iarraidh bheith ag tógáil a mhuirín.

D'fhan sé sa mbaile an lá seo-bhí garrantaí beaga aige-agus dúirt sé leis an mbean "Well, adeir sé "fanfaidh mé abhaile inniú le go gcuirfidh mé barraing ar chuile shórt" "Tá sé chomh maith dhuit" adeir sí

Thart ar mheán lae réithigh sí an dinnéar agus bhuail sé isteach ag a bhean. Bhí sé an- ríméadach,chomh mait 's abhí sé ag déanamh, ag cur barraing ar chuile shórt.

"Well"adeir an bhean leis "tá muid ag déanamh chuile shórt" adeir sí"chomh maith 's atá muid i ndon ach th'éis sin" adeir sí "níl muid chomh maith le gach duine".
"Muise céard sin nach bhfuil muid a dhéanamh, a stór," a deir sé.
"Well" adeir sí "níl muid ag tabhairt aon bhronntanás ag an Lord, agus tá chuile duine ag tabhairt-a bheag nó a mhór-bronntanás aige".
"Well" adeir sé"is deacair fuil a bhaint as turnop". "Is deacair" adeir sí"ach th'éis chomh deacair's atá sé-tá dhá coilleachín ansin amuigh-dhá coilleachín bheag-agus'á dtugfhá síos ag an Lord iad bheadh sé chomh ríméadach astú le duine ar bith eile"

"Is beag idir an t-olc agus an mhaith-ach is fearr an mhaith."
"Well, más mar sin é, a bhean,"adeir sé, "gabh amach agus cuir buaircín orthu agus leagfaidh mise shíos i lár an urlár ag an Lord iad".

Chuaigh sí amach agus chuir sí ceangail ar a gcosaí agus bhuail sé ceann faoi théin ascail agus sheo leis nó go ndeachaigh sé isteach ag doras an Lord.Bhuail sé cupla tip air agus is é an lord é fhéin a tháinig ag foscailt an doras agus bhí fáilte agus fiche aige roimhe."Ach" a dúirt sé leis,"má bhí rud ar bith a'd fhéin theastaigh sé uait fhéin níos mó ná liomsa"
"Well dúirt mo bhean liomsa gur bheag a bhíonns idir an t-olc agus an mhait agus sin é anois an méid abhí mé i ndhon a thabhairt duit"

Thóg sé an dá coilleachín uaidhe agus bhí an- ríméad acu astu.
Fuair sé gloine bhreá fuiscí agus nuair abhí an fuiscí óltaí aige bhí bord mór leagthaí le tae agus cácaí milise,chuile sort dá bféadfhá cuimhniú air. D'ól sé greadadh tae agus nuir abhí an tae óltaí aige shuíadar síos ar chupla cathaoir-é fhéin 's an Lord-agus bhí craic bhreá cainte acu.
Nuair abhí siad tuirseach ag caint d'eirigh sé suas agus adeir sé "B'fhéidir go bhfuil rud eicint le déanamh sa mbaile"
"Ní choinneóimid aon mhoill ort "adeir an Lord"ach táimid an- bhuíoch duit." " Tá an méid sin déantaí agatsa ",adeir sé" agus rud ar bith sa domhaina bhéas mise i ndon a dhéanamh aríst go deo"adeir sé" déanfaidh mé dhuit é"

"Well anois,a Lord,"adeir sé"níl aon cheo faoin domhain a d'fhéadfhá a dhéanamh dhomsa a b'fhearr liom nó dá dtabharfá aon amharc amháin dom ar an seomrín óir"
"Ó,a stór,"adeir an lord" tuige nach dtabharfainn". Fuair sé an eochair,chuadar ag an seomrín agus d'oscail sé an doras.

Sheas an fear bocht ag breathnú ar an óir bhuí abhí sa gcoirnéal agus nuair abhí sé tuirseach ag breathnú air shiúil sé isteach ní ba ghoire don Lord agus dúirt sé leis.
"Cé'n mhaith duitse an seomra óir ach an oiread liomsa?"
"Cé'n fáth a ndeir tú na focail sin" adeir an Lord.

"Well" adeir sé "ní fhéadfaidh tú a bhaint as go deo,fad a bhéas sé ansin ach lán do dhá shúil agus tá lán mo dhá shúil baintí agamsa anois as" adeir sé "agus má théann aon phinghin sa gconra leat,"adeir sé," ní bheidh ach trí lá go mbeidh tú ós cionn na creafóige aríst."

"Well" adeir an Lord "is iomaí fear a raibh craic cainte agam leis ach níor dhúirt aon fhear ariamh an fhírinne chomh maith leatsa" adeir sé.
"Gabh isteach,a stór," adeir sé "agus lán do phócaí agus tabhair abhaile go do chuid páistí é.

Chuaigh sé isteach agus bhí wáscoat air-Lan sé pócaí an wáscoat agus lán sé pócaí a bhríste agus pócaí a chasóige.

Nuair a theann sé in aice le'na theach bhí a bhean amuigh ag scaradh éadaí."Gabh 'steach abhaile"adeir sé"agus comhaireóidh mise amach luach do dhá coilleachaí go baireannach 'ad"

"Ó,tá do sháith óltaí go breá agat"adeir sí.Shíl sí gur óltaí abhí sé
"Tá mo sháith óltaí a'm ach,mo chonsíos,tá luach mo dhá choilleach a'm"
Chuadar isteach agus thosaigh sé ag cathú amach sovereigns agus ginniúchaí buí óir ar an mbord agus bhí an bheirt acu chomh ríméadach is a dféadfhadh siad a bheith agus dúirt théin ceann acu gur bheag a bhíonns idir an t-olc agus an mhaith ..ach gur fearr an mhaith.

Ón lá sin go dtí an lá atá inniú ann ní fhaca siad aon lá bocht.

Sin é mo scéal!


No comments:

Post a Comment