Thursday, 16 April 2015
Bodach an Chóta Lachtna
Bhí Fionn Mac Cumhaill agus baill de na Fianna amuigh ag fiach lá. Bhí seilg maith acu agus sa trathnóna shuí siad ar Bhinn Éadair ag caint 's ag comhrá 's ag ligint a scíth.
Bhíodar ag breathnú amach ar an bhfarraige nuair a chonacadar long ag tíocht anonn faoi lán tseoil. Nuair a bhuail sí port d'eirigh aon gaiscíoch amháin amach aisti.
Léim sé amach ar gheal gaineamh na trá, sleá mór ina lamhaí aige agus é in éidí cogaidh.
Shiúil sé i láthair Fionn agus sheas sé ós a chóir.
"Cé h-é tusa ,a ghaisgigh,"arsa Fionn.
"Is mise Caol an Iarainn",adeir sé,"mac rí na Teastáille,sa nGréig"
"Níl inis ná oileán ón nGréig go-dtí an láthair seo nár chuir mé faoi smacht agus tádar faoi chíos anois agam."Is mian liom cíos na críche seo a fháil freisin.An bhfuil aon fhear agaibh in dhon an lámh in uachtar a fháil orm ag rithe ,nó ag troid ,nó ag coraíocht?""Má tá fear ar bith in dhon an ceann is fearr a fháil orm ní chuirfidh mé tuilleadh buairtheadh oraibh ach fillfidh mé ar ais ag mo thír fhéin.Cé acu comórtas ar mhaith libh a fheiceál?"
"B'fhearr liomsa an rithe"arsa Fionn,"ach tá Caoilte Mac Rónáin,an fear reatha is fearr againn,as láthair.Rachaidh mise ar a thóir amárach agus ansin beidh rás againn."
"Maith go leór",arsa Caol an Iarainn agus sásúlacht ina shúilí.
Maidin lá arna mhárach chuaigh Fionn ar thóir Caoilte Mac Rónáin. Ba ghearr go ndeachaigh an cosáin isteach i lár coille.Chonaic Fionn fear mór buí ag siúl roimhe.Bhí cóta lachtna síos go sáilí air.Bhí a dhá bhróig cosúil le taobh báid agus gach coiscéim a thógfadh sé cuirfeadh sé lán baraille greallaí ar chaon taobh.
D'fhéach Fionn air le h-íontas mar ní fhaca sé a leithead ariamh roimhe sin.
Thosíodar ag caint agus d'innis Fionn dó go raibh sé ag lorg Chaoilte le geall reatha a bhaint de Chaol an Iarainn
"Bíodh ciall ort" a deir an Bodach,"ní bheadh seans ag Caoilte ,ach dá nglacfá liomsa bhainfhinn geal reatha den laoch duit"
"Tógfaidh mé an seans ",arsa Fionn,"siúl leat"
Nuair a d'fhill siad ar Bhinn Éadair chruinnigh na Fianna thart ar Bhodach an Cóta Lachtna agus íontas an domhain orthu.Dúirt Caol an Iarainn nach náireódh sé é fhéin ag dul i gcoimhlint lena leithead.Thosaigh an Bodach ag gáire agus ag magadh faoi agus chuir sé fearg ar Chaol.Faoi dheireadh d'aontaigh sé dul sa rás-ó Shliabh Luachra,na Mumhan go Binn Éadair.
Nuair a shroich siad Sliabh Luachra bhí an lá caite agus shrochraigh siad ar an rás a thosnú le breacadh an lae.
"Is fearr dúinn bothán a thógáil" arsa Bodach an Chóta Lachtna.
"Ní chuirfidh mé an trioblóid sin orm fhéin as ucht oíche amháin" arsa Caol
"Mait go leór",arsa an mBodach,"déanfaidh mise bothán dom fhéin ach is fada amach as a fhanfhas an té nach gcuideóidh liom".
Chuaigh an Bodach isteach sa gcoill agus fuair sé píosaí adhmaid.Shnaidm sé na píosaí le chéile nó go ndearna sé bothán deas agus díon luachra air.Chruinnigh sé ualach críonnaigh agus chuir sé múr tine i lár an urláir.
"An gcuideóidh tú liom" adeir sé le Caol,"cuid na hoíche a sheilg?"
"Ní raibh mé ariamh gan lucht freastalaí le bia a sholáthar dhom agus ní rachaidh mé ar sheilg le do leitheadsa"arsa Caol an Iarainn.
"Déan do chomhairle fhéin"adeir an Bhodach ,agus d'imigh sé leis isteach sa gcoill.
Ba ghearr gur mhúscail sé scata mucaí fiáine.Lean sé iad nó gur mharaigh sé an torc ba mhó acu.Thug sé ar a dhroim é go dtí an bothán.Chóirigh sé an fheoil agus chuir sé ar bearaí róstaí é-timpeall na tine.
Chuaigh sé go teach Inse Coinn agus sciob sé dhá baraille fíona agus a raibh d'arán san áit.Nuair a d'fhill sé ar an mbothán bhí an fheoil róstaí.D'ith sé leath an torc,leath an aráin,agus d'ól sé baraille fíona.
Chuir sé brat luachra ar an urlár agus chodail sé go sámh go heirí na gréine.
Bhí Caol an Iarainn ar an sliabh i rith na hoíche-gan bia,gan dídean agus mhúscail sé an Bodach go moch ar maidin.
"Eirigh,a Bhodaigh,"ar seisean"tá sé in am an rás a thosnú"
Chuimil an Bhodach a dhá shúil lena bhois"Tá uair eile codalta le déanamh a'msa" adeir sé"má tá deifir ort imigh leat agus beidh mise i do dhiaidh ar ball".
D'imigh Caol an Iarainn leis agus luí an Bhodach siar ar an leabaí luachra.
D'eirigh Bodach an Chóta Lachtna nuair abhí a sháith codalta aige.D'ith sé an arán, an leath eile den torc agus d'ól sé baraille fíona.
Chuir sé crámhaí na muice i mbinn a chóta agus thug sé do na bunnachaí é.
Tháinig sé suas le Caol an Iarainn agus chaith sé crámhaí na muice aige.
"Má tá ocras ort bí ag cogaint na crámhaí sin",ar seisean.
"Chrochfainn thú,a Bhodaigh,sula níosfainn d'fhuilleach",arsa Caol an Iarainn.
Ar aghaidh leis an mBodach, agus é ag gáirí leis fhéin,ná gur chuir sé deich mhíle fichead ina dhiaidh.
Bhí driseachaí ar thaobh an bhealaigh agus thosaigh sé ag ithe sméaraí dubha.
Tar éis leath uair a' chloig tháinig Caol.
"A Bhodaigh",ar seisean,"d'fhág tú binn do chóta ar na sceachaí nuair abhí tú ag dul tharam".
Chonaic an Bhodach go raibh binn a chóta stróicthe."Fan anseo, ag ithe sméar,go fh'fuigh mé é".adeir sé.
"Is mise nach bhfanfaidh" arsa Caol."Gluais leat más mian leat" arsa an Bhodach, agus d'fhill sé ar ais go bhfuair sé binn a chóta agus d'fhuáil sé í.
Tháinig sé suas le Caol aríst agus ar seisean "Ní mór duit deifir a dhéanamh más mian leat árd chíos ar Éireann a fháil-ní fhillfidh mise feasta".
D'imigh sé leis mar bheadh séideán gaoithe na Márta agus níor stop sé aríst go raibh sé ag amharc ar Bhinn Éadair.
Thosaigh an Bodach ag baint sméar aríst agus nuair abhí a sháith ite aige bhain sé dhó a chóta.D'fhuáil sé íochtar a chóta,go ndearna sé mála as agus líon é le sméaraí é.
Faoin am seo bhí sé dubh ó bhonn go bhaithis le sú sméar.
Chuir sé an "mála" ar a dhroim agus ghluais sé leis i dtreo Bhinn Éadair.
Bhí faraire amuigh agus nuair a chonaic sé an "fear dubh" ag tíocht ina threo shíl sé gur Caol an Iarainn abhí ann agus an Bhodach sa mála ar a dhroim.
Nuair a tháinig an Bhodach níos giorra dhó d'aithnigh an faraire é agus lig sé gáir áthais as.Chruinnigh na Fianna thart ar an mBodach-"Innis do scéala dúinn" ar siad.
"Muise", adeir sé"tá ocras orm, fan go níosfaidh mé- tá sméaraí agam- an bhfuil aon min bhuí agaibh?"
Cuireadh brat ar an talamh.Cuireadh carn minne ina lár agus dhóirt an Bhodach na smearaí ar an gcarn agus thosaigh sé leis ag ithe .
Níorbh fhada gur thainig Caol an Iarainn agus racht feirge air.Bhí a chlaoimh ina láimh aige.Rith sé i dtreo an Bhodaigh.Ní dhearna an Bhodach ach lán a chráig den bhia a chaitheadh leis.Bhuail sé sa leiceann é agus chas sé a chloigeann ar a mhuinéal.
"A Chaol", ar seisean," ligfidh muid do anam leat má thugann tú geallúint dúinn go gcuirfidh tú cíos an Teasáille anonn ag Fionn gach bliain as seo amach"
"Tugfaidh mé an geallúint sin "arsa Caol.
D'árdaigh an Bodach é agus thug sé síos ag an trá é.Chuir sé ina shuí sa long é.
Chuir sé a bhróig le cúl na loinge agus chuir sé seacht léig amach sa bhfarraige é.
Nuair abhí an Bodach ag filleadh aníos ón trá las an ghriain ina thimpeall agus d'aithnigh na Fianna é.
Manannán Mac Lir, Dia na farraigí, abhí ann.Tháinig sé ag cabhrú le Fionn agus na Fianna.
Chuir siad fáilte agus fiche roimhe agus bhí fleadh agus féasta acu le onóir a thabhairt dó.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment