Sunday, 5 April 2015
Stuimpín a' Chúlainn
Bhí fear thiar sa gCúlainn fadó agus sé an t-ainm a thugfhadh siad air "Spuimpín a' Chúlainn" Phós sé ceann go na McGraths in aice Cunga agus baistiú páiste leofa. Ní raibh an páistín ach trí seachtainí nuair a cailleadh a mháthair. Bhí aintín ag an bpáiste thall i Meiriceá-Státaí Mheiriceá-agus thánadar abhaile agus thugadar an páiste anonn leofa.
Choinnigh siad sa gcliabhán é nó go raibh sé i ndon lapareacht thart agus nuair abhí sé réidh leis an gcliabhán chuir siad ag an scoil é agus thugadar scoil agus foghlaim dó.
Nuair a d'fhás sé suas ina fhear bhí sé ar an bhfear ba bhreá a d'fhéadfaí a fheiceál i Státaí Mheiriceá agus, mo léan, ghléasadar suas é le éadach maith agus bhí sé ag gabhail isteach 's amach.
Rinne sé suas le iníon millionaire agus ní raibh aon fhear ar an domhain abhí ag gabhail síos leithí mar é.
Bhí fios maith ag a muintir go raibh sé ag gabhail isteach 's amach leithí agus bhíodar an- t-sástaí ach ní raibh a fhios acu sa domhain cá rugadh é nó cé'n sort muintire abhí aige.
Bhí go leór fir ag obair don millionaire seo ach an fear is fuide abhí ag obair dhó phointál sé amach é le gabhail go hÉirinn go bhfeicfeadh sé cá rugadh an fear seo nó cé dhár daoibh é.
Chuireadar scéal ag Stuimpín a' Chúlainn go raibh a leitheid d'fhear ag tíocht.
Nuair a tháinig sé bhí sé ag siúl leis ariamh ná go ndeachaigh sé go Chúlainn agus nuair a chuaigh sé don Chúlainn 'séard abhí ansin -Ó go leór,leór sean tithí agus go leór,leór gabhair agus pucaidí.Bhíodar ag jumpáil ó fhuinneóg go fuinneóg nuair a chonaic siad an strainséaraí ag teacht.
Chuaigh sé isteach agus bhí Stuimpín ina shuíomh síos agus é ag ól braon tae agus 'séard an sort bord abhí aige-cláirín beag fágtha ar a dhá glúin agus mug tae agus píosa de cháca leagthaí ar an gcláirín aige.
D'innis an fear dó cé'n t-údar a dtáinig sé."Tá fáilte agus fiche agam romhat" adeir an Stuimpín."Ná bíodh aon fhaitíos ort go gcuirfidh mé aon cheo as duit.Cuirfidh mé rud ar bith i do threo má tá mé i ndon."
"Ó,a stór go deo,rud ar bith atá tú i ndon a dhéanamh dúinn,"adeir an Stuimpín,"déan dúinn é."
Ach,anyway,nuair abhí an braon tae óltaí ag an Stuimpín d'fhiafraigh sé den fhear a tháinig anall as Státaí Mheiriceá an ólfhadh sé fhéin braon.
"Ó,muise m'anam go n-ólfhad" adeir sé.
"Ach,m'chonsíos," adeir an Stuimpín, "níl mo lámhaí an- ghlan"."By God",adeir sé,"caithfidh mé mo lámhaí a níochán."
Chuaigh sé amach ag an doras agus 'séard a rinne sé,thosaigh sé ag múin ar a chuid lámhaí agus by God,nuair abhí siad glan go maith aige tháinig sé isteach aríst 's thosaigh sé ag réiteach 's ag feistiú.
Ní dhearna sé ach cláirín nua a leagan ar a dhá ghlúin ag an bhfear agus chuir sé mug tae agus ghearr sé píosa breá arán agus leag sé ar an gcláirín é.Ní bhfuair an fear lucht ar bith air.
Chuaigh an fear anonn go Státaí Mheiriceá agus d'fiafraigh an millionaire dhó"Ce'n sórt áit ,"adeir sé,"a rugadh an fear seo?"
"A muise,a stór" adeir sé" caisleán mór"adeir sé" agus saighdiúirí an domhain thart air" adeir sé "agus iad ag rithe isteach 's amach ar na fuinneógaí nuair a chonaic siad mise ag teacht.Agus an bord abhí aige"adeir sé"ní bhfuigfeá a leithead le ceannacht i Státaí Mheiricá agus nuair abhí an tae óltaí a'm cathú an bord amach.
Agus an Tap abhí sé ag níochán a lámhaí ann ní cheannófá le do saibhris é."
"Ó,",adeir an millionaire,"más sin é,tá sé níos fearr ná muid fhéin."
"Well" adeir an fear "tá mise ag insint duit chuile shórt dá bhfaca mé."
Phósadar agus tádar saibhir sástaí ón lá sin go dtí an lá atá inniu ann.
Subscribe to:
Post Comments (Atom)
No comments:
Post a Comment